======================================================================
Comhad Eolais LibreOffice 3.3
======================================================================
			
----------------------------------------------------------------------
Nótaí Suiteála
----------------------------------------------------------------------
			
Riachtanais Chórais
----------------------------------------------------------------------

* 

Fadhbanna le linn Thosú an Chláir
----------------------------------------------------------------------

Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i 
dtosú LibreOffice (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le 
fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar 
sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an 
tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir 
fadhbanna i dtaispeáint réada 3T a réiteach tríd an rogha "Úsáid 
OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - LibreOffice - Amharc - 
Amharc 3T'.
			
----------------------------------------------------------------------
Aicearraí
----------------------------------------------------------------------

Ní féidir ach aicearraí méarchláir (teaglamaí eochracha) nach bhfuil 
in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in LibreOffice. Mura 
n-oibríonn teaglaim eochracha in LibreOffice sa dóigh a ndéantar cur 
síos uirthi i gCabhair LibreOffice, féach an bhfuil an t-aicearra sin 
in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na 
heochracha atá socraithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo 
a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar 
bith in LibreOffice a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar 
seo, féach i gcáipéisí cabhrach LibreOffice nó do chórais 
oibriúcháin.
			
----------------------------------------------------------------------
Glasáil Comhaid
----------------------------------------------------------------------

Tá glasáil comhaid cumasaithe mar réamhshocrú in LibreOffice. Ar 
líonra a úsáideann an prótacal NFS (Network File System), ní mór 
deamhan glasála do chliaint NFS a bheith ar siúl.  Chun glasáil a 
dhíchumasú, cuir an script soffice in eagar agus athraigh an líne 
"export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING" go "# export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING".  
Má dhíchumasaíonn tú glasáil, beidh daoine seachas an duine a 
d'oscail an cháipéis i dtosach báire in ann scríobh air.

Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna 
le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más 
amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála 
comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh LibreOffice má dhéantar 
iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó 
ríomhaire Linux.
			
----------------------------------------------------------------------
Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht
----------------------------------------------------------------------
			
----------------------------------------------------------------------
Tacaíocht d'Úsáideoirí
----------------------------------------------------------------------
			
----------------------------------------------------------------------
Tabhair Tuairiscí ar Fhadhbanna agus ar Fhabhtanna
----------------------------------------------------------------------
			
----------------------------------------------------------------------
Conas a Bheith Páirteach
----------------------------------------------------------------------

Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal LibreOffice dá mbeifeá 
páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo 
foinsí oscailte.
			
Tús Maith
----------------------------------------------------------------------
			
Liostáil
----------------------------------------------------------------------

* 
* 
* 
* 

Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí 
oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh 
bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le 
LibreOffice 3.3 agus go mbeidh tú linn ar líne.
			
----------------------------------------------------------------------
Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe
----------------------------------------------------------------------

Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 
Netscape Communications Corporation.